top of page

Is leis na cóstaí agus na haibhneacha is mó a shocraigh na chéad daoine a tháinig go Conamara. Ba sheilgeoirí iad, agus is cairn aoiligh, atá ar fáil le cósta fós, is mó a d'fhágadar mar uachta.

Thosnaigh feilméireacht i gConamara timpeall 6,000 bliain ó shin. Dealraíonn sé gur thosnaigh na háitreoirí ag baint na gcoillte sna gleannta, agus go mba eallach ba mhó a thógadar, cé is moite de bheagán curaíochta. Ach leanadar den tseilg agus den iascach freisin. Is deacair na chéad fheilméirí, a gcreideamh agus a ngnása a ligean i ndearmad, agus a bhfuil de thuambaí meigiliteacha ar fud na háite.

Tá go leor de ghalláin, de chlocha díreacha agus d'uaigheanna Chonamara ag dul siar chomh fada le Aois an Chré-umha. Is ón Eoraip timpeall 1,000 B.C. a tháinig na Ceiltigh lena gcuid ceirdeanna agus traidisiúin nua, ceanna atá fanta in Éirinn fós. Ba laochra iad na Ceiltigh, agus tá an cruthúnas sin le feiceáil fós i bhfothraigh na ndúin arda agus sna crannóga. Tá lios agus crannóg aththógtha le feiceáil i dtimpeallacht an ionaid oidhreachta.

Ba é daonra na hÉireann sa mbliain 1800 ná 5 mhilliún, agus faoin am ar tháinig an Gorta Mór bhí 8 milliún sa tír. Bhí pobal mór láidir i gConamara san 19ú haois; pobal saibhir i ndúchas agus i stair, arbh í an Ghaeilge gnáththeanga na ndaoine. Bhí furmhór an phobail bocht gan teideal. Ní raibh úinéireacht ag éinne ar an talamh a shaothraígh sé, agus b'fhurasta iad a chur as seilbh. Bhí a n-áit cónaithe go hainnis,tithe beaga tuí nó brácaí cloch le scrathacha portaigh mar dhíon. Ní raibh an fhuinneog féin ar chuid díobh, ach poll sa díon le haghaidh na deataigh. Ach in aimhneoin sin, fuair cuairteoirí chuig an tír caidéis de chomh sláintiúil scafánta agus a bhí na daoine. Bhí fear na hÉireann dhá orlach níos airde ná a chomhionann i Sasana.

Ba é an fata, a tháinig go hÉirinn sa mbliain 1509, ba chúis leis an daonra breá sláintiúil seo. Bhí an fata i ndon fás ar dhroch-thalamh agus is beag saothrú a theastaigh uaidh. Chothódh acra go leith fataí cúigear nó seisear, i dteannta le muca agus eallach eile, ar feadh leathbhliana. Díoladh ní ar bith eile a saothraíodh chun airgead an chíosa a fháil, nó riachtanais eile a cheannacht.

Ach rinne an muinín ró-mhór sa bhfata léirscrios. In 1845 bhuail galar ar a dtugtar "an dúchan" (phythophthora infestans) an barr fataí, agus lobhadar cúpla bliain as a chéile. Níor thug Rialtas Shasana móran aird ar an ngéarchéim, agus bhásaigh na sluaite d'ocras agus de thinneas. Cuireadh scéimeanna fóirithinte ar bun sa deireadh, ach bhíodar ró-mhall le haon leas a dhéanamh. Leanadh de bheith ag cur grán thar lear, agus go deimhin fágadh grán gur lobh sé ar chéibh an Chlocháin, tráth, chúns bhí na daoine ag fáil bháis den ocras.

D'fhág na céadta céibh an Chlocháin ar a mbealach go Sasana, Meiriceá agus an Astráil. Is iomaí sin soitheach a shroich ceann cúrsa agus an tríú cuid dá paisinéirí básaithe leis an ocras agus le tinneas ar an mbealach. Is i dteach na mbocht ar an gClochán a chaith tuilleadh, a bhí ró-lag le n-imeacht, deireadh a saoil. Rinne na Quakers a seacht ndícheall cabhair a thabhairt; dháileadar anraith agus eile féachaint le faoiseamh a thabhairt ón ocras agus ón mbochtanas. Ba é toradh an ghorta ná gur tháinig athrú dochreidte ar shaol agus ar shaothar Chonamara. Briseadh na tiarnaí talún, nascadh na feilmeacha beaga, agus thosaigh an Ghaeilge ag meath.

Is le Naomh Pádraig, a tháinig ina ghiall ar dtús, a ghlactar buíochas as an gCríostaíocht a thabhairt go hÉirinn. Ceaptar gur shocraigh a lucht leanúna ar chreideamh na dtiarnaí agus na dtaoisigh a athrú i dtosach le súil go leanfadh an slua a sampla. Fitheadh go leor deasghnása págánach isteach sa gCríostaíocht, ar nós adhradh toibreacha fíoruisce, agus turas Mhám Éan agus Chruach Phádraig. Tá go leor dena traidisiúin sin coinnithe suas fós. D'fheil iargúltacht Chonamara do mhanaigh thús ré na Críostaíochta, agus tá fothraigh mainistreacha ar go leor oileáin amach ón gCósta Thiar.

Ba máirnéalaigh iad na Flaithbheartaigh a raibh caisleáin acu in áiteacha feiceálacha ar fud an chósta. Ba iad na Normánaigh a sheol siar iad, agus chuireadar taoisigh na linne, na Cadhlaigh agus Con Maicne Mara, dá gcosa. Is ag cur troda ar shiopadóirí saibhre Normánach chathair na Gaillimhe is mó a chaitheadar a saol; agus scríofa ar leacht i mballaí na cathrach sin bhí an mana "From the fury of the O'Flahertys, good Lord deliver us". Ach sa deireadh, cuireadh na Flaithbheartaigh as seilbh nuair a baineadh díobh a gcuid tailte aimsir Chromail. Ansin thug siad a n-aghaidh ar smugláil, scriosadh agus malartú olna ar fhíon ar mhór-roinn na hEorpa.

Anchor 1
Anchor 2
bottom of page